An Tasc Measúnachta
Cuireann an scoláire Tasc Measúnachta foirmiúil scrÃofa i gcrÃch atá le cur faoi bhráid Choimisiún na Scrúduithe Stáit lena mharcáil i dteannta an scrúdaithe deiridh don staidéar gnó. Tá naisc ag an Tasc Measúnachta le tosaÃochtaà an Chuir i láthair, a thugann an deis don scoláire a chuid eolais, scileanna agus tuisceana a chur i bhfeidhm i suÃomhanna ón bhfÃorshaol agus a chuid scileanna cumarsáide a fhorbairt. Tagann an t‑eolas agus na scileanna a fhorbraÃonn an scoláire le linn an Mheasúnaithe Rangbhunaithe chun cinn as an bhfeasacht nÃos fearr a bhÃonn aige ar dhinimic na timpeallachta gnó.
Déanfar measúnú sa Tasc Measúnachta ar ghnéithe éagsúla d’fhoghlaim an scoláire, lena n‑áirÃtear:
- a chumas chun measúnú a dhéanamh ar eolas nó ar thuiscint nua a tháinig chun cinn trÃna thaithà ar an gCur i láthair
- a chumas chun machnamh a dhéanamh ar na scileanna a d’fhorbair sé, agus chun iad a úsáid i suÃomhanna nach bhfuil mórán cleachtaidh aige orthu
- a chumas chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar athraigh a chóras luachanna trÃna thaithà ar an gCur i láthair.